Post / Job

Bainisteoir á lorg

Forbairt Pobail Mhaigh Cuilinn Teo. ina eagraíocht ionadaíoch dheonach do Phobal Mhaigh Cuilinn agus do bhreis agus 50 cumann sa pharóiste. Feidhmíonn sé mar phointe teagmhála lárnach don phobal ina iomláine.
Tá sé mar sprioc an pobal a fhorbairt i ngach bealach – ina measc: cúrsaí sóisialta, teanga agus cultúir, comhshaoil, geilleagar, spóirt, áiseanna agus gníomhaíochtaí pobail de gach saghas. Déantar é seo i gcomhar leis an bpobal áitiúil, cumainn áitiúla, lucht gnó, forbróirí, Comhairle Contae na Gaillimhe, Údarás na Gaeltachta, Scéim Fostaíochta Pobail agus áisíneachtaí stáit eile.

Is é príomhsprioc an Chomhlachta faoi láthair ná forbairt agus bainistiú a dhéanamh ar Ionad Pobail agus Fiontraíochta ar chostas c.8.6 milliún ar shuíomh atá ar léas fadtéarmach ag an gComhlacht i gCoill Chill Ráinne.

Tá Forbairt Pobail Mhaigh Cuilinn anois ag lorg Bainisteoir chun dul i mbun na gcúramaí seo a leanas:

  • Cuidiú ar chuile bhealach agus ar threoir ón gcoiste maidir le forbairt an tIonad Pobail agus Fiontraíochta nua.
  • Feidhmiú & Bainistiú Clár oibre an Chomhlachta
  • Plé le Plean Teanga Mhaigh Cuilinn
  • Foireann an Chomhlachta a bhainistiú
  • Bainistiú ar bhuiséad an Chomhlachta
  • Plean forbartha an Chomhlachta
  • Caidrimh a chothú leis an bpobal & grúpaí deonacha an cheantar
  • Plé lena háisíneachtaí stáit chuí
  • Tuairiscí oibre a chur ar fáil mar is cuí
  • Dualgais eile de réir mar is gá

Cur síos ar an té a cheapfar

Duine cumasach, spriocdhírithe agus tiomanta atá á lorg, le fuinneamh agus cruthaitheacht. Tá scileanna láidre idirphearsanta de dhíth, agus is gá go mbeadh cumas ag an té a cheapfar dúshláin a shárú agus tosaíochtaí éagsúla a láimhseáil agus a bheith in ann oibriú as a stuaim féin.

Critéir Riachtanacha

  • Ardchaighdeán Gaeilge, idir labhartha agus scríofa
  • Taithí bhainistíochta agus forbairt tograí sa phobal
  • Ardscileanna cumarsáide agus chaidreamh poiblí
  • Taithí a bheith ag plé leis an earnáil stáit
  • Bainistiú ama agus scileanna eagrúcháin
  • Taithí a bheith I mbun buiséid
  • Scileanna agus taithí ríomhaireachta
  • Taithí bainistíocht dhaonna agus taithí chuntasaíochta
  • Cáilíocht thríú leibhéal cuí
  • Ceadúnas tiomána agus carr

Sonraí an Chonartha

  • Conradh fostaíochta leanúnach, ag brath ar mhaoiniú.
  • Scála pá: €45,000 – €60,000 ag brath ar thaithí, le faomhadh ag Údarás na Gaeltachta
  • Beidh an té a cheapfar lonnaithe in Áras Uillinn, Maigh Cuilinn, Co. na Gaillimhe
  • Beidh an té a cheapfar freagrach go  Bord Stiúrtha an Chomhlachta

Iarratais agus Agallamh

  • Seol litir chlúdaigh agus CV chuig Bord Stiúrtha Fhorbairt Phobal Mhaigh Cuilinn ag peadar@cnag.ie le ‘Bainisteoir’ sa chur síos
  • Spriocdháta d’iarratais: 5.00i.n. Dé hAoine 6 Nollaig 2024
  • Reáchtálfar agallaimh don ról go luath i ndiaidh an spriocdháta iontrála

Plean Gníomhaíochta 2025 – 2029

Íoslódáil an Plean Gníomhaíochta anseo: