Forbairt Pobail Mhaigh Cuillinn

Maigh Cuilinn Community Development Association



Is grúpa neamhbhrabúis é Cumann Forbartha Pobail Mhaigh Cuilinn a bunaíodh chun faisnéis agus seirbhísí a sholáthar do chónaitheoirí Mhaigh Cuilinn, Gaillimh. Cuirimid eolas agus seirbhísí ar fáil don phobal i Maigh Cuilinn, Gaillimh. Bunaíodh é ar dtús i 1989 agus fuair sé stádas carthanúil i 1997.


Maigh Cuilinn Community Development Association is a not for profit group set up to provide information and services to the residents of Moycullen, Galway. We provide information and services to the community in Moycullen, Galway. Originally formed in 1989, it received charitable status in 1997.


Bainisteoir á lorg

Forbairt Pobail Mhaigh Cuilinn Teo. ina eagraíocht ionadaíoch dheonach do Phobal Mhaigh Cuilinn agus do bhreis agus 50 cumann sa pharóiste. Feidhmíonn sé mar phointe teagmhála lárnach don phobal ina iomláine.
Tá sé mar sprioc an pobal a fhorbairt i ngach bealach – ina measc: cúrsaí sóisialta, teanga agus cultúir, comhshaoil, geilleagar, spóirt, áiseanna agus gníomhaíochtaí pobail de gach saghas. Déantar é seo i gcomhar leis an bpobal áitiúil, cumainn áitiúla, lucht gnó, forbróirí, Comhairle Contae na Gaillimhe, Údarás na Gaeltachta, Scéim Fostaíochta Pobail agus áisíneachtaí stáit eile.

Is é príomhsprioc an Chomhlachta faoi láthair ná forbairt agus bainistiú a dhéanamh ar Ionad Pobail agus Fiontraíochta ar chostas c.8.6 milliún ar shuíomh atá ar léas fadtéarmach ag an gComhlacht i gCoill Chill Ráinne.

Tá Forbairt Pobail Mhaigh Cuilinn anois ag lorg Bainisteoir chun dul i mbun na gcúramaí seo a leanas:

  • Cuidiú ar chuile bhealach agus ar threoir ón gcoiste maidir le forbairt an tIonad Pobail agus Fiontraíochta nua.
  • Feidhmiú & Bainistiú Clár oibre an Chomhlachta
  • Plé le Plean Teanga Mhaigh Cuilinn
  • Foireann an Chomhlachta a bhainistiú
  • Bainistiú ar bhuiséad an Chomhlachta
  • Plean forbartha an Chomhlachta
  • Caidrimh a chothú leis an bpobal & grúpaí deonacha an cheantar
  • Plé lena háisíneachtaí stáit chuí
  • Tuairiscí oibre a chur ar fáil mar is cuí
  • Dualgais eile de réir mar is gá

Cur síos ar an té a cheapfar

Duine cumasach, spriocdhírithe agus tiomanta atá á lorg, le fuinneamh agus cruthaitheacht. Tá scileanna láidre idirphearsanta de dhíth, agus is gá go mbeadh cumas ag an té a cheapfar dúshláin a shárú agus tosaíochtaí éagsúla a láimhseáil agus a bheith in ann oibriú as a stuaim féin.

Critéir Riachtanacha

  • Ardchaighdeán Gaeilge, idir labhartha agus scríofa
  • Taithí bhainistíochta agus forbairt tograí sa phobal
  • Ardscileanna cumarsáide agus chaidreamh poiblí
  • Taithí a bheith ag plé leis an earnáil stáit
  • Bainistiú ama agus scileanna eagrúcháin
  • Taithí a bheith I mbun buiséid
  • Scileanna agus taithí ríomhaireachta
  • Taithí bainistíocht dhaonna agus taithí chuntasaíochta
  • Cáilíocht thríú leibhéal cuí
  • Ceadúnas tiomána agus carr

Sonraí an Chonartha

  • Conradh fostaíochta leanúnach, ag brath ar mhaoiniú.
  • Scála pá: €45,000 – €60,000 ag brath ar thaithí, le faomhadh ag Údarás na Gaeltachta
  • Beidh an té a cheapfar lonnaithe in Áras Uillinn, Maigh Cuilinn, Co. na Gaillimhe
  • Beidh an té a cheapfar freagrach go  Bord Stiúrtha an Chomhlachta

Iarratais agus Agallamh

  • Seol litir chlúdaigh agus CV chuig Bord Stiúrtha Fhorbairt Phobal Mhaigh Cuilinn ag peadar@cnag.ie le ‘Bainisteoir’ sa chur síos
  • Spriocdháta d’iarratais: 5.00i.n. Dé hAoine 6 Nollaig 2024
  • Reáchtálfar agallaimh don ról go luath i ndiaidh an spriocdháta iontrála

Plean Gníomhaíochta 2025 – 2029


Ionad Pobail Nua – New Community Centre

We are delighted to have been awarded a CCIF grant in 2024 to build a state of the art community centre in Coill Ráinne in Maigh Cuilinn village.

More information regarding the new community centre project can be found here.


Tá an áthas orainn deontas CCIF a bheith faighte againn in 2024 chun ionad pobail den scoth a thógáil i gCoill Ráinne i sráidbhaile Mhaigh Cuilinn.

Is féidir tuilleadh eolais maidir leis an tionscadal ionad pobail nua a fháil anseo.


Maigh Cuilinn Bypass – Community Survey

You are invited to participate in a survey regarding your views and experiences of the Maigh Cuilinn bypass project. The feedback collected here will inform a research paper which aims to reflect on the perspectives within the Maigh Cuilinn community on the bypass. The survey includes both multiple-choice questions and sections for written responses. You are encouraged to share detailed insights where possible, contributing to richer understanding of the bypass’s impact. Completing the survey should take approximately 5-10 minutes. All responses will be treated confidentially and will remain anonymised.Your open and honest feedback is highly valued, thank you for taking time to share your input!

Please click on the link below to Partake in the survey

https://docs.google.com/forms/d/e/1FAIpQLSc56Pxg5VfF_v3AEwt9ZVDvAeY9XeRoLMSPD1hMsdO6bFWBUQ/viewform


Ionad Pobail Nua – New Community Centre



Is féidir an suíomh idirlíne don ionad pobail nua atá beartaithe i Maigh Cuilinn a fheiceáil ag https://maighcuilinn.net/ionadpobailnua.


See the website for the proposed new community centre in Maigh Cuilinn by visiting https://maighcuilinn.net/newcommunitycentre


Summer 2024 Weekly Schedule

Loading… Loading…

Naíonra

Bíonn Rang Réamhscoile Naíonra Mhaigh Cuilinn ar siúl ó Luan go hAoine anseo in Áras Uillinn ó 9.00 AM go 2.00 PM Cliceáil thíos le haghaidh tuilleadh eolais.


The Maigh Cuilinn Naíonra Pre-School Class is held Monday to Friday here in Áras Uillinn from 9.00 am to 2.00 pm. Please click below for further details.



Imeachtaí áitiúla – local events


Uaireanta Oscailte – Opening Hours

Luan go Déardaoin / Monday : To Thursday 9.30 AM – 5.00 Pm

Dúnta Don Lón / Closed for Lunch : 1.00 PM – 2.00 pm

Dé hAoine / Friday : 9.30 AM To 1.00 PM

Dúnta Dé Sathairn agus Dé Domhnaigh / Closed Saturday and Sunday


Déan Teagmháil Linn/Contact Us

Fobairt Phobail Mhaigh Cuilinn,
Áras Uilinn,
Church Road,
Maigh Cuilinn,
Co. Galway.
H91 DHWO


Telephone: (091) 555626
Fax: (091) 555626



Lean muid ar Facebook/Follow us on Facebook